top of page
Essential Ireland Tours

Fáilte chuig Essential Ireland Tours

SAOL LAETHÚIL NA hÉIREANN

Turais VIP dóibh siúd atá óg ina gcroí
Luach ar airgead, grúpaí beaga & blaiseadh de shaol na hÉireann
Bródúil nach gcuirimid turais ar ceal go deo

Cuir turas do ghrúpa beag in áirithe anois

TAISTEAL IN ÉIRINN AGUS TURAIS TREORAITHE

Cuireann Essential Ireland turais saincheaptha ar fáil:

7 lá Caisleáin Ghalánta & Mór Iontaisí na hÉireann (thar oíche in Ashford Castle)

7 lá Turas ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin (Cill Airne, Daingean Uí Chúis agus an Ghaillimh)

5 lá An Tuaisceart (Tuaisceart Éireann agus Dún na nGall)

& Turais Príobháideacha a bhfuil Gradaim bainte amach acu do ghrúpaí cairde agus do theaghlaigh

Na Turais

Leagaimid béim ar stair agus ar chultúr agus ar thaisteal breá compordach. Gheobhaidh tú blaiseadh den chuid is fearr d’Éirinn. Beidh ceol den scoth, bia iontach, tithe tábhairne agus spraoi ar fáil gach áit a dtéann tú. Seans nach dtabharfaidh tú cuairt ar Éirinn ach uair amháin agus tá sé tábhachtach an chuid is fearr di a fheiceáil le Essential Ireland.

Is é Stephen McPhilemy an treoraí ar fhormhór de na turais. Tá sé paiseanta faoin stair agus tá cáil air mar threoraí a chaith os cionn 25 bliain ag obair le Rick Steves.

 

Cliceáil anseo chun féachaint ar na turais

Essential Ireland Tour
Wild Atlantic Way

Slí an Atlantaigh Fhiáin

Turas 7 Lá in Éirinn

Essential Ireland Tour
Ireland’s True North

Fíorthuaisceart na hÉireann

Turas 5 Lá

Essential Ireland Tour
Private Tours

Turais Phríobháideacha

Do Ghrúpaí Beaga

Essential Ireland Tour
Castles and Classics

Caisleáin agus Clasaicigh

Turas VIP de Chaisleáin na hÉireann

Is é Stephen McPhilemy agus Patrick Wade a bhunaigh Essential Ireland. Tá taithí na mblianta ag Stephen mar threoraí agus é ag obair le Rick Steves le os cionn 20 bliain. Is Éireannach-Meiriceánach é Patrick agus is breá lena chroí a bheith ag cur fáilte roimh chuairteoirí go hÉirinn.

Essential Ireland

Ár bhfealsúnacht i leith an taistil

An aidhm atá againne anseo ná taisteal i stíl VIP a chur ar fáil do ghrúpaí beaga ar shlí atá spraíúil agus atá ar phraghas maith. Tháinig sé sin chun cinn de bharr na hiarratais ar fad a thagadh ónár gcairde ar fud an domhain agus ár dteaghlaigh agus ár ngaolta. An rud a bhí ag teastáil uathu siúd ná:

Turais Sómasacha – ar phraghas réasúnta agus luach ar airgead le baint astu

 

Turais do Ghrúpaí Beaga – 8 go 16 duine ar an meán – sábháilte agus sainiúil

 

Turais Bhríomhara – Turais atá réchúiseach, spraíúil agus a thugann léargas maith ar Éirinn.

 

Am Taistil agus Am Saor – Meascán maith de am ar an turas agus am chugat féin atá i gceist – an tsaoirse le taitneamh a bhaint as do chuid am saor agus an luach is fearr a bhaint as na himeachtaí a chuirtear ar fáil chomh maith.

 

Imeachtaí Éireannacha 100% - Turas a leagann béim ar ghnáthrudaí Éireannacha a dhéanamh agus ar bhualadh le muintir na hÉireann, gach lá!

Mar a Bheidh Agat

Teastaíonn uainn go ngeobhaidh tú blaiseadh den saol mar a chaitheann muintir na háite é (seachas gan dabht go mbeidh tú ag codladh in óstáin agus tithe lóistín breátha). Beidh tú tumtha i gcultúr na háite ar feadh seachtaine.

Essential Ireland Tours
Essential Ireland Tours
Essential Ireland Tours

Fúinn

Cé hiad sinn féin?

Is iad Stephen McPhilemy agus Patrick Wade a bhunaigh Essential Ireland Tours. Is Éireannach duine amháin agus Éireannach-Meiriceánach an duine eile. Bhuaileadar le chéile 20 bliain ó shin nuair a bhí Patrick ag taisteal ar fud na hÉireann agus Stephen á threorú.

 

20 bliain ina dhiaidh san tá meas agus cáil ar an mbeirt acu (agus an dá mhadra) as a gcuid oibre in earnáil na turasóireachta in Éirinn agus iad tiomanta turais ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar phraghas an-mhaith.

Essential Ireland Tours

Ár nGailearaí

Ceann de na gnéithe uathúla de Essential Ireland Tours is ea go dtugaimid ár ngrianghrafadóir agus físeánadóir gairmiúil taistil in-earraí féin linn ar gach turas.

Essential Ireland

Testimonials

Essential Ireland Tours

"We loved our tour with Essential Ireland. Stephen was an excellent tour leader — professional and organised, a passionate Irish patriot and what really impressed us was the amount of local Irish characters and personalities he was able to introduce us to. The small group of 15 people was ideal for us and made our vacation a more authentic experience"

Brooke and Brad Antonioni
California

Essential Ireland Tours

BÍ I DTADHAILL!

Catch up with the latest news from Essential Ireland Tours

No posts published in this language yet
Once posts are published, you’ll see them here.
Essential Ireland Tours

Déan Teagmháil Linn

BÍ I DTADHAILL!

Má tá aon cheist nó fiosrúchán agat, nó más mian leat go ndéanfadh Stephen McPhilemy (arb é an comhghuaillí iontaofa agus treoraí turais de chuid Rick Steves in Éirinn é le breis agus 20 bliain) cúrsa taistil speisialta a shaincheapadh do do ghrúpa príobháideach féin de theaghlach nó de chairde, seol nóta beag chugainn anseo.

Essential Ireland Tours FAQs

bottom of page